Táimid ag baint spraoi as seachtain na Gaeilge anseo i rang Norway. Bhíomar ag damhsa inniu agus bhaineamar an-taitneamh as. Rinneamar Fallaí Luimní agus Ionsaí na hInse. Bhí Ionsaí na hInse ar eolas againn mar bhí sé déanta againn i gcorpoideachas. Ansin, tar éis lóin bhíomar sa halla ag éisteacht le banna ceoil. Bhí siad ar fheabhas agus bhíomar an-bhuíoch dóibh.
Comments are closed